Seachtain na Gaeilge 2023
Cheiliúramar Seachtain na Gaeilge i nGaelscoil Laighean le neart gníomhaíochtaí speisialta.
Ghlac na páistí naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra páirt i bPicnic na mBeiríní. Tháinig an ghrian amach agus bhí rí-méad ar na páistí agus a gcuid béiríní.
Bhí tóraíocht taisce, cluichí, tráth na gceist, turas leabharlanna, péinteáil agus cácaí milse i measc na n-imeachtaí.
Bhain rang a haon agus rang a dó an-sult as an turas chuig Gaelscoil Áine. Chaith siad an lá ag canadh, ag déanamh ióga, ag déanamh ealaíne agus is ag cómhrá le páistí ó ghaelscoil eile - cairde nua le Gaeilge!
Go deimhin, bhí go leor imeachtaí eile - tóraíocht taisce, cluichí, tráth na gceist, turas leabharlanna, péinteáil agus cácaí milse ina measc.
Chríochnaíomar an tseachtain le ceolchoirm sa halla mór. Bhíomar fíor-bhuíoch as muintir Gray & Rhatigan a sheinn ceol tradisiúnta agus amhráin do phobal na scoile. Ar ndóigh, bhíomar ar fad gléasta inár n-éadaí glasa.
S