Ag foghlaim faoi nádúr sa pharc.
Tá foireann na scoile, na páistí agus na tuismitheoirí ag obair le chéile chun an chéad Brat Glas a bhaint amach.
Tá níos mó eolais ar fáil faoin Scoil Ghlas ar an nasc seo.
Cabhraíonn na páistí leis an nglanadh. Foghlaimíonn siad faoin tábhacht a bhaineann le timpeallacht saor ó bhruscar agus cinntíonn siad go bhfuil suíomh na scoile gan bruscar.
Tugann páistí na scoile cuairt ar an leabharlann áitiúil go minic. Is deis í a bheith ag foghlaim faoina háiseanna áitiúla. Siúlann na páistí leis an múinteoir chuig an leabharlann agus tuigeann muid go bhfuil sé seo go maith don timpeallacht.
Tá na páistí ag úsáid boscaí ubheacha chun ealaín a chruthú.
Make it stand out.
Laghdaigh, Athúsáid agus Athchúrsáil
Tá an scoil ag déanamh sár-iarracht an méid is mó athchúrsála a dhéanamh agus is féidir.
Baintear úsáid as ábhar athchúrsála chun ealaín a chruthú.
Bíonn cruinnithe ag an gcoiste glas go rialta.
Tá na páistí ag sórtáil na hearraí ionas go dtéann an bruscar sa bhosca ceart.